Na Buaiteoirí

Tugann Gradam Ceoil TG4 an deis dúinn ómós a thabhairt do laochra ceoil ár linne

Ó bronnadh an chéad ghradam ar Tommy Peoples i 1998, tá scéim na ngradam buanaithe mar phríomh scéim aitheantais do lucht an cheoil traidisiúnta in Éirinn agus tá sé daingnithe anois mar imeacht tábhachtach sa bhféilire bliantúil.

Bhí an bun-smaoineamh ag Mary McPartlan go luath tar éis do TG4 teacht ar an aer agus ba léiriú é ón tús ar an tábhacht a bheadh ag an gceol traidisiúnta i gcroílár sceideal an stáisiúin nua.

Roghnaíonn painéal neamhspleách moltóirí na gradaim gach bliain i sé dhuais-aicme: Ceoltóir Óg, Cumadóir, Amhránaí, Gradam Saoil, Gradam na gCeoltóirí agus an príomh-Ghradam do Cheoltóir na Bliana.

I measc na saineolaithe a roghnaigh lucht buaite na ngradam ó 1998 i leith, bhí Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, Fintan Vallely, Pat Ahern, Kevin Crawford, Ann Mulqueen, Áine Hensey, Cathal Goan, Breanndán Ó Beaglaoich, Mary McPartlan, Robbie Hannan, Proinsias Ní Ghráinne, Muiris Ó Rócháin, Claire Keville, Liz Doherty, Mary Bergin agus Caoimhín Ó Raghallaigh.

Bronntar na Gradaim go bliantúil ag ceolchoirm mhór ina chloistear lucht a mbuaite ag seinm lena gcairde agus lena muintir. Is buaicphointe i gclársceideal bliantúil TG4 é Ceolchoirm na nGradam.