Caoimhín Ó Fearghail: Ceoltóir Óg TG4

Rugadh Caoimhín sa mbliain 1989 agus is as an Rinn i nGaeltacht Phort Láirge dó. Thosaigh sé ag foghlaim na feadóige agus é ocht mbliana d’aois agus bhí múinteoir maith aige, Bobby Gardiner. Ba ghearr gur thug sé faoi na píobaí agus David Power agus ina dhiaidh sin Jimmy O’Brien-Moran á theagasc. Chomh maith lena mhúinteoirí féin, chuaigh ceol taifeadta na máistrí, Séamus Ennis, Willie Clancy, Tommy Reck agus Patsy Touhey i gcion go mór air. Bhí Craobh na hÉireann buaite aige trí uaire sula raibh sé dhá bhliain déag.

Is léir tionchar amhránaíochta sean-nóis na nDéise agus Nioclás Tóibín ach go háirithe ar a chuid ceoil, go háirithe san foinn mhalla. D’fhoghlaim sé an fheadóg mhór agus an giotár as féin agus deir go ndeachaigh ceol Mhatt Molloy, Mike Rafferty agus Tom Doorley i gcion air ansin.

Agus é sa meánscoil i 2006, d’eisigh an grúpa Bóthar na Sop, albam faoin teideal Giorraíonn Beirt Bóthar mar thogra Idirbhliana. Ar na ceoltóirí aitheanta áitiúla atá le cloisteáil air tá Liam Clancy, Áine Uí Cheallaigh, Donnchadh Gough agus Ciarán Ó Gealbháin. Tá rian le Caoimhín ar an albam seo agus thug an grúpa dhá chuairt ar Thalamh an Éisc i gCeanada ó shin.

Bhí sé leis an ngrúpa aitheanta Danú ar thuras sa mBreatain anuraidh agus thug sé turas go Boston Mheiriceá leis an bhfidléir James Duggan as Ciarraí i 2010. Is minic é páirteach i seisiúin an Booley House ar an mBaile Dubh i gCo Phort Láirge.

Tá sé féin ina mhúinteoir ceoil anois agus thug sé ceardlanna píobaireachta ag deireadh seachtaine ceoil traidisiúnta Na Sceirí i 2010 agus ag an Tionól a eagraíonn Na Píobairí Uilleann.

Tá céim MA sa nGaeilge idir lámha aige faoi láthair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus is minic é ag gceol ag seisiún i dteach tábhairne The Corner House le leithéidí Mick Daly, Geraldine O’Callaghan, Aidan Coffey agus Denis Brookes.