Is i nDoire Dhúin in aice le Coillte Clochair i dtuaisceart Liatroime a rugadh an fidléir cumasach seo sa bhliain 1951, duine den mhuirear ceathrar déag a bhí ag Jack agus Mary Rooney. Bhí cáil an cheoil ar an dúthaigh seo riamh agus sheinneadh a athair an fhidil agus an fheadóg mhór.
Bhásaigh seisean nuair nach raibh Bryan ach trí bliana d’aois agus is óna mháthair a thug Bryan an ceol leis cuid mhaith. Bhí bailiúchán de na sean-cheirníní 78 aici agus spreag seisean a shuim sa gceol. Ba cheoltóirí cuid mhaith dá dheartháireacha freisin, dar ndóigh, ina measc Hughie, nach maireann, a sheinneadh an fhidil faoi mar a rinne a dheartháir Mickey freisin. An bosca ceoil an rogha uirlise ag deartháir eile, Dominic. Áiríonn Bryan ceoltóir áitiúil eile, an fidléir John Timoney, as Fear Manach mar dhuine a d’imir tionchar suntasach ar a phrintíseacht fidléireachta.
Mar a rinne go leor eile ag an am, thug Bryan aghaidh ar an imirce go Londain i 1968 agus fuair obair thógála ansin. Is ann a casadh fidléirí aitheanta ó gach ceard den tír air – Bobby Casey, Jimmy Power, Danny Meehan, Julia Clifford agus Con Curtin. Chuaigh siad seo ar fad i gcion go mór air agus níorbh fhada go raibh Bryan luite isteach leis an saol fuinniúil ceoil traidisiúnta i Londain. Cheangail sé leis an ngrúpa Sliabh Luachra (John Carty, Michael Hynes agus Mike Casey) agus ba mhinic é freisin ag seinm i gcuideachta an bhoscadóra Paddy Hayes.
Thuill sé oiread meas agus ómóis óna chomh-cheoltóirí gur baisteadh The Godfather air, an teideal a thugadh an ghlúin óg ceoltóirí i Londain air mar aitheantas ar an tionchar a bhí aige orthu – John Carty, James Carty, John Blake, Lamond Gillespie, Tommy Maree agus Emmet Gill. Is é sin freisin teideal a chéad dhlúthdhiosca aonair, The Godfather, a heisíodh i 1999, diosc a thuill moladh mór. From Leitrim to London is teideal don dara eisiúint uaidh mar cheoltóir aonair (2002) agus tá cúpla port seinnte aige ar an mbosca ceoil ar cheann de an rianta ansin. Is cumadóir é freisin agus tá ríl dá dhéantús féin, M and M, in ómós dá chlann Michael John agus Mary, ar a chéad dlúthdhiosca aige.
Tá meas ar leith ar a stíl shaibhir mhaisithe agus tá sin le cloisteáil freisin ar a chuid taifeadtaí le ceoltóirí eile, ina measc na dlúthdhioscaí Across the Waters agus Within a Mile of Kilty. Is é a sheanchara, John Carty, fear a thuill Gradam Ceoil TG4 é féin i 2003, a chompánach ar an gceol beirte ar an dlúthdhiosca is deireanaí uaidh At Complete Ease, a heisíodh anuraidh. Tá a dheartháir Mickey le cloisteáil ar an taifeadadh sin freisin.
Tá áilleacht ar leith ina chuid ceoil agus blas pearsanta ina bhfuil meascán den uaigneas agus den chroíúlacht. Is mór an meas atá air agus gean freisin.
Is i Londain atá cónaí air lena bhean Jean. Tá beirt ghar-mhac acu anois, Ryan agus Joseph.