Nell Ní Chróinín: Amhránaí TG4

Is ó cheantar agus ó theaghlach ceolmhar a shíolraigh an t-amhránaí óg seo ó Bhéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Mhúscraí.

Amhránaithe binne is ea a beirt thuismitheoirí, Tadhg agus Síle, cé gur annamh a chanann siad go poiblí. Tá traidisiún láidir an bhosca ceoil ar thaobh na máthar aici agus bhí cáil fhorleathan ar an uirlis sin ar a haintín, Eilín Ní Ríordáin, nach maireann.

Rugadh Nell sa bhliain 1990 agus bhí sí ag amhránaíocht go poiblí sular raibh an bhunscoil fágtha aici, a bhuíochas sin, deir sí, do Scéim Amhránaíochta Aisling Gheal, togra a bunaíodh mar chuid den chuimhneachán ar Dhiarmuidín Ó Súilleabháin, amhránaí agus craoltóir ón dúiche sin a bhásaigh go tubaisteach i 1991. Chuaigh amhránaíocht dheartháir agus dheirfiúr Dhiarmuidín, Eilís agus Eoiní i bhfeidhm ar Nell freisin.

Is minic í ag canadh ar chláracha teilifíse TG4, Geantraí, Anam an Amhrán, Amhrán is Ansa Liom agus Cérbh í ? (clár a chuir sí i láthair agus í ag ceiliúradh oidhreacht amhránaíochta Bhess Cronin.

Cé gur bean óg í, tá cuid mhaith taifeadadh léi eisithe freisin, ina meas Rogha Scoil Samhraidh Willie Clancy i 2010 (áit ar sheinn sí Cath Chéim an Fhia); Raw Bar Collective 2011 (áit ar sheinn sí Cá Rabhais ar Feadh an Lae Uaim? agus Na Táilliúirí). Ní fada ó thug sí turas leis an ngrúpa sin, Raw Bar Collective (Conal Ó Gráda, Dave Sheridan agus Benny McCarthy), agus rinne sí turas le Mick O’Brien agus Caoimhín Ó Raghallaigh faoi choimirce an Music Network agus turas eile le Comhaltas Ceoltóirí Éireann i 2008.

Tugann sí ceardlanna amhránaíochta go minic freisin in Ollscoil Luimnigh agus is minic í ag canadh ag féilte sa tír seo, i Sasana agus san Eilbhéis.

Is í Nell an duine is óige riamh ar bronnadh Gradam Ceoil TG4 Amhránaí na Bliana.

Is múinteoir bunscoile i nGaelscoil Osraí i gCill Chainnigh í.