Is as An Daingean in Uíbh Fhailí do Phaddy O’Brien, a rugadh i 1945. Ghlac sé an bosca ceoil chuige agus é ina ghasúr agus ba ghearr go raibh an uirlis máistrithe aige agus cluas air don cheol ab fhearr ina cheantar féin ó leithéidí Joe Delaney agus Dan Cleary óna chontae dúchais, na fidléirí agus cumadóirí Gaillimheacha Paddy Fahey agus Eddie Kelly, saoi ceoil Thír Chonaill John Doherty, Frank Mc Collum as Aontroim, Seán Ryan as Tiobraid Árann agus Johnny Henry as Maigh Eo.
Bhog sé go Baile Átha Cliath i 1969 agus ba mhinic é ag seinm le deoraithe eile ansin, ina measc na fidléirí Joe Ryan agus John Kelly as contae an Chláir. D’fhág seo go raibh sé eolach ar raon leathan stíl agus leaganacha de phoirt. Spreag sin é chun bailithe agus chun cóirithe ar phoirt aitheanta, rud a bhláthaigh ar ball ina chumas mar chumadóir ar cheol nua ar fad.
Chuaigh sé go Stáit Aontaithe Mheiriceá ansin agus is i Minneapolis atá sé lonnaithe ó 1983 agus é ag dul ar fud na tíre sin ag seinm agus ag múineadh.
Sarah’s Delight is teideal do cheann de na píosaí is aitheanta dár chum sé agus tá sin ar fáil den chéad uair ar an LP Is it yourself? a heisíodh i 1978 agus é i gcuideachta James Kelly, fidléir a fuair Gradam Ceoil TG4 2006 agus mac le John Kelly. Ar na ríleanna eile a chum sé thart ar an am seo atá ar an albam sin, tá The Antrim Rose agus The Small Hills of Offaly.
Tá thart ar leathchéad píosa den uile chineál cumtha aige ó shin, 24 ríl, 4 mháirseáil, 4 pholka, sleamhnán, 9 bport, 4 fhonn mall agus 3 chornphíopa.
I bhfómhar na bliana 1994 bronnadh sparánacht air ón US National Endowment for the Arts, maoiniú a chuir ar a chumas 500 píosa a thaifeadadh don Paddy O’Brien Tune Collection – Volume One: A Personal Treasury of Irish Traditional Music. Tháinig an dara cuid den saothar ollmhór seo, Volume Two uaidh i 2011 ar a bhfuil 150 port, 120 coirnphíopa,100 polka agus 30 port luascach. Níl a leithéid seo de chorpas ar fáil ó aon cheoltóir traidisiúnta, saothar saoil ina bhfuil bailiúchán na mblianta ar fáil de leaganacha neamhghnácha den cheol traidisiúnta mar aon le mioneolas ar chúlra na leaganacha sin.
Is iomaí grúpa ar sheinn agus a ndearna sé taifeadadh leis le leathchéad bliain, ina measc The Ballinamere Céilí Band, The Seán Ryan Trio, The Castle Céilí Band, Ceoltóirí Laighean, Bowhand, Hill 16 agus faoi láthair seinneann sé le O’Rourkes Feast, Chulrua agus The Doon Céilí Band. Ar an eisiúint is deireanaí uaidh Mixing the Punch, (2011 is iad Felim Egan ar an mbosca ceoil agus Teresa Baker ar an bpianó atá ina chuideachta.
Tá cáil agus meas air ar fud na cruinne mar fhoinse eolais, mar scoláire ceoil agus mar chumadóir. Meastar go bhfuil 3,000 píosa éagsúil ceol Gaelach ina chuimhne.