Danny Meehan: Gradam Saoil TG4

Is i n nDroim Lú Theas, baile fearainn siar ó bhaile Dhún na nGall a rugadh Danny Meehan sa mbliain 1940, duine de chlann mhór cheolmhar. Bhíodh idir amhráin agus phortaireacht bhéil ag a shean mháthair Susie McGroarty agus bhíodh a athair Jimmy ag gabháil den fhidil agus a mháthair ag seinm an bhosca ceoil. Mhúin a athair an fhidil dó, rud a rinne sé lena chlann ar fad agus tá lámh ar an mbosca ceoil ag Danny freisin nuair bhuaileann an fonn é.

B’iomaí ceoltóir sa gcomharsanacht agus é ina ógánach agus orthu sin a chuaigh i bhfeidhm air bhí Charlie Mc Cahill, Christy Doherty, Andy Melly (portaire béil) agus go háirithe Peter Quinn, fidléir. Ar ndóigh chuala sé na sean-taifeadtaí le Michael Coleman as Sligeach freisin.

Agus é fós ina dhéagóir, thug Danny aghaidh ar an mBreatain agus tar éis dó go leor de Shasana agus den Bhreatain Bheag a thaisteal, lonnaigh sé i Londain ó 1963. Bhí scoth na gceoltóirí ann roimhe agus ba ghearr go raibh Danny ag cur aithne orthu ar fad agus ag seinm leo – Bobby Casey, Jimmy Power, Julia Clifford, Lucy Farr, PJ Crotty, Con Curtin agus Roger Sherlock.

Sheinneadh sé freisin leis an ngrúpa Le Chéile, buíon ceoltóirí a thagadh le chéile sa White Hart, teach tábhairne ar Fulham Broadway. Orthu sin a bhíodh ann bhí Raymond Roland, Liam Farrell, Kevin Boyle, John Rowe agus PJ Crotty. D’eisigh an grúpa seo dhá albam ag an am, Lord Mayo i 1975 agus Arís i 1978. Tá siad tagtha le chéile arís le gairid agus d’eisigh an grúpa dlúthdhiosca nua, Out of The West, i 2010. Tá ceol Danny ar fáil freisin ar an taifeadadh cáiliúil Paddy in the Smoke, bailiúchán iontach ó ré órga an cheoil traidisiúnta i Londain agus é ag seinm an ríl Paddy Ryan’s Dream i gcuideachta Bhobby Casey.

Thagadh sé abhaile go rialta as Londain agus chaith tréimhse pléisiúrtha i gcuideachta na nDochartach, John agus Mickey, James Byrne agus Tommy Peoples.

D’eisigh sé Navvy on the Shore, a chéad dhlúthdhiosca aonair i 2000. Anuraidh, le cabhair ó Chairdeas na bhFidléirí, d’eisigh sé dlúthdhiosca dúbailte Drimalost and Beyond, sampla iontach d’fhidléireacht Thír Chonaill ó mháistir na healaíne agus é i mbarr a mhaitheasa le ceol meidhreach agus foinn mhalla áille freisin. Sa mbaile, ar fhód a dhúchais a taifeadadh go leor de ach tá roinnt ábhair a taifeadadh i Londain níos túisce ina shaol ar fáil ann freisin.

D’fhill Danny abhaile chun cónaithe i nDún na nGall i 2007 agus tá sé ina chrann taca agus ina spreagadh ansin do ghlúin óg ceoltóirí. Mar a deir a chara Tommy Peoples, “Cuireann seal i gcuideachta Danny Meehan ardú croí ar an uile dhuine againn.”