Na Buaiteoirí 2012

Is ar an bhfidléir Brian Rooney (as tuaisceart Liatroime ó dhúchas ach atá ag cur faoi le fada an lá i Londain) a bhronnfar Gradam Ceoil 2012.

Tá béim ar an óige agus ar an deoraíocht le brath sa rogha eile duaiseoirí Gradam Ceoil TG4 2012: fidléir as deisceart Thír Chonaill a chaith bunús a shaoil i Sasana, boscadóir agus cumadóir as lár na tíre seo atá lonnaithe anois i lár na Stát Aontaithe, lánúin iomráiteach as Ard Mhacha a bhfuil a saol caite acu ag cur an cheoil traidisiúnta chun cinn ina gcontae féin agus beirt cheoltóirí óga Gaeltachta, as Múscraí agus An Rinn, a bhfuil cáil fhorleathan orthu cheana féin agus gan iad ach sna luath-fhicheadaí.

Seo duaiseoirí Ghradam Ceoil TG4 Ceoil 2012:

  • Gradam Ceoil – Brian Rooney
  • Ceoltóir Óg – Caoimhín Ó Fearghail
  • Gradam Saoil – Danny Meehan
  • Cumadóir – Paddy O’Brien
  • Amhránaí – Nell Ní Chróinín
  • Gradam Aitheantais – Eithne agus Brian Vallely