Seiceáil amach an cóiriú grianghrafanna tógtha ar oíche mhór na nGradam Ceoil in Áras Ceoil Loch Garmáin ar an 2 Aibreán.
Feicfidh tú agus cloisfidh tú na fuaimeanna taobh thiar den stáitse maraon le scoth an cheoil ar an stáitse mór. Cliceáil anseo
Tugann Gradam Ceoil TG4 an deis dúinn ómós a thabhairt do laochra ceoil ár linne
Seiceáil amach an cóiriú grianghrafanna tógtha ar oíche mhór na nGradam Ceoil in Áras Ceoil Loch Garmáin ar an 2 Aibreán.
Feicfidh tú agus cloisfidh tú na fuaimeanna taobh thiar den stáitse maraon le scoth an cheoil ar an stáitse mór. Cliceáil anseo
Is é an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, TD a bhéas ag bronnadh priomh Ghradam Ceoil TG4 ag mór ócáid na nGradam I gCeol Áras Loch Garmán an Satharn beag seo, 2ú Aibreán.
Craolfar an ceolchcoirm ar Dhomhnach Cásca ar 9:30 PM.
“…Keane’s playing sets him apart, not just as a musician of impressive ability among his own generation, but as a piper with the kind of chutzpah that places him alongside the best in the tradition. As the TG4 Young Traditional Musician Of The Year 2011, he cites the late Willie Clancy as one of his main influences…”
Siobhán Long, Irish Times, Déardaoin 31ú Márta, 2011
Tá an Satharn ag teannadh linn. Níl fágtha ach lion beag ticéid ar díol agus ceoltóirí iontacha ar stáitse, is léir go mbeidh an ceolchoirm seo ar an gceann is fearr fós.
Cuir do thicéad in áirithe ar line agus bí linn I gCeol Áras Loch Garmán don cheol traidisiúnta is fearr dá bhfuil ann.
053 9122144.
www.wexfordoperahouse.ie
Tá ceol na bpíobairí clúiteacha Willie Clancy, Séamus Ennis agus Seán McKiernan I bhfuil an Chathánaigh Óig maraon le stíl fuinniúil pearsanta atá cruthaithe aige fhéin. Beidh muintir Phádraic ag casadh leis ar an oíche, a athair Tommy Keane, an píobaire clúiteach ó Phort Láirge, a mháthair Jacqueline McCarthy, maraon lena dheirfiúracha.
Brú anseo do giotaí scannáin, agallaimh agus tuille le Pádraic Keane
Bronnfar cumadóir TG4 ar fhidléir Chicago, Liz Carroll. Beidh Liz ag casadh ina h-aonair ar stáitse an Ghradaim Ceoil.
Brú anseo do giotaí scannáin, agallaimh agus tuille le Liz Carroll
Bronnfar Gradam na gCeoltóirí ar an Dr. Mícheál Ó Súilleabháin. Beidh Mel Mercier maraon le ceoltóirí ó Ollscoileanna Luimní agus Corcaigh ar stáitse in éindí le Micheál.
Brú anseo do giotaí scannáin, agallaimh agus tuille le Mícheál Ó Súilleabháin
Beidh clann mac Ben, an flutadóir Brian agus an fidléir, Maurice maraon leis an mboscadóir, Séamus Quinn ar stáitse in éindí leis ar oíche na ceolchoirme ar an 2 Aibreán.
Brú anseo do giotaí scannáin, agallaimh agus tuille le Ben Lennon
‘Sí Muireann Nic Amhlaoibh faighgeoir Amhránaí TG4 2011. Ar stáitse lei ar an 2 Aibreán, beidh an cláirseoir Michael Rooney agus an grúpa Danú. Tá Muireann sáite I dtraidisiún beo amhránaíochta Ciarraí Thiar le ceol damhsa, foinn mhalla agus amhráin ársa.
Brú anseo do giotaí scannáin, agallaimh agus tuille le Muireann Nic Amhlaoibh
Beidh Noel Hill, faighteoir Gradam Ceoil TG4 2011 ag tabhairt scata ceoltóirí iontach le chéile ar stáitse a rinne taifead leis ar an bhfad cheirnín iontach le Hill agus Linnance I 1978. Beidh Matt Molloy, Tony Linnance, Alec Finn ar stáitse leis agus bhí Micheál Ó Domhnaill nach maireann ag casadh ar an bhfad cheirnín céanna.
Brú anseo do giotaí scannáin, agallaimh agus tuille le Noel Hill