Gradam Ceoil TG4 2012
Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras na hOillscoile, Luimneach ar an Satharn 24 Márta, á chur i láthair ag Aoife Ní Thuairisg agus Páidí Ó Lionáird, a chraolfar ar TG4 Domhnach Cásca, 8 Aibreán.
- Bryan Rooney, John Carty, James Carty & Brian McGrath
- Nell ní Chróinín & Eoiní Ó Súilleabháin
- Danny Meehan, Tommy Peoples, Mairéad Ní Mhaonaigh & Dermot McLaughlin
- Brian, Eithne & the Vallely Family
- Paddy O’Brien & Tommy Sullivan
- Caoimhín Ó Fearghail, Seán Ó Fearghail, Dónal Clancy & Tomás Ó Gealbhain
- Ceoltóirí Dhámh Chruinne Éireann, Rince & Ceol, Luimneach
Is ar an bhfidléir Bryan Rooney (as tuaisceart Liatroime ó dhúchas ach atá ag cur faoi le fada an lá i Londain) a bhronnfar Gradam Ceoil 2012.
Tá béim ar an óige agus ar an deoraíocht le brath sa rogha eile duaiseoirí Gradam Ceoil TG4 2012: fidléir as deisceart Thír Chonaill a chaith bunús a shaoil i Sasana, boscadóir agus cumadóir as lár na tíre seo atá lonnaithe anois i lár na Stát Aontaithe, lánúin iomráiteach as Ard Mhacha a bhfuil a saol caite acu ag cur an cheoil traidisiúnta chun cinn ina gcontae féin agus beirt cheoltóirí óga Gaeltachta, as Múscraí agus An Rinn, a bhfuil cáil fhorleathan orthu cheana féin agus gan iad ach sna luath-fhicheadaí. Seo liosta Ghradam Ceoil TG4 2012:
- Gradam Ceoil – Bryan Rooney
- Ceoltóir Óg – Caoimhín Ó Fearghail
- Gradam Saoil – Danny Meehan
- Cumadóir – Paddy O’Brien
- Amhránaí – Nell Ní Chróinín
- Gradam Aitheantais – Eithne agus Brian Vallely