Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

 
Tá Gradam Ceoil TG4, atá 27 mbliana ar an bhfód anois, fós ag tabhairt aitheantais don scoth taibhiúcháin agus don tionchar cultúir i seacht gcatagóir agus ag déanamh ceiliúradh orthu.
Is am tábhachtach é fógairt na ngradam bliantúil i bhféilire an cheoil thraidisiúnta, ní hamháin chun aitheantas a thabhairt don mhéid atá bainte amach ag an seachtar buaiteoirí ach chun ceiliúradh a dhéanamh ar na ceoltóirí sármhaithe atá againn sa tír seo. Is léiriú ar an mbeogacht, éagsúlacht agus obair mhór den scoth atá á déanamh iad na buaiteoirí chun a chinntiú go leantar dár dtraidisiún a fhorbairt ar bhealach chomh healaíonta agus an caighdeán is airde a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.
 

 
Tugann Gradam Ceoil TG4, a bunaíodh in 1998, aitheantas ní hamháin do cheird na mbuaiteoirí ach féachtar freisin le borradh a chur faoi rath na mbuaiteoirí agus a gcuid ceoil, amhrán agus damhsa a chur ar fáil do lucht spéise ar fud an domhain trí chraoltaí ar ardáin TG4. Is painéal neamhspleách a thugann faoin bpróiseas roghnúcháin do Ghradam Ceoil TG4. Is iar-bhuaiteoirí iad roinnt de bhaill an phainéil agus bíonn siad go léir ag seinm nó ag obair laistigh den traidisiún.
 

Is éard a dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, “Tá ríméad ar TG4 go bhfuil an deis seo aige chun aitheantas a thabhairt do na daoine cumasacha seo laistigh dár dtraidisiún. Is comhartha buíochas é an Gradam uainne do na hoirfidigh go léir seo a bhíonn le feiceáil inár gcuid cláracha ceoil thraidisiúnta seachtain i ndiaidh seachtaine. Tá ríméad orainn go bhfuilimid ábalta cuidiú leo a gceoil ceoil a chur ar fáil do lucht féachana domhanda trí chraoladh beo Ghradam Ceoil 2024 ar ardáin chraolacháin TG4. Déanaimid comhghairdeas leis na faighteoirí uilig.”
 

Beidh ceolchoirm Ghradam Ceoil TG4 na bliana seo ar siúl i gCeoláras na hOllscoile i Luimneach Dé Domhnaigh an 5 Bealtaine. Craoltar an Gradam Ceoil beo ar TG4 agus ar fud na cruinne ar Sheinnteoir TG4 agus beidh aíonna speisialta éagsúla ceoil agus bronntóirí na ngradam i dteannta na bhfaighteoirí d’oíche bhríomhar cheoil, spraoi agus shiamsaíochta.
Craolfar an cheolchoirm cheiliúrtha agus searmanas na ngradam beo ar TG4 agus ar TG4.ie ó Cheoláras na hOllscoile i Luimneach ag 9:30pm ar an 5 Bealtaine.
 

Is féidir ticéid a fháil ar www.uch.ie